February 15, 2022
Ireland

Míshástacht faoi fheirm ghaoithe in aice le Guagán Barra

Dé Máirt, 15 Feabh 2022, rte.ie

[Dissatisfaction with wind farm near Guagán Barra, Co. Cork]

Tá daoine i nGaeltacht Mhúscraí ag féachaint an féidir leo dúshlán ardchúirte a thabhairt i gcoinne fheirm ghaoithe, luach €30m atá á beartú in aice le Guagán Barra, Co. Chorcaí, ceann de na láithreacha oidhreachta is aitheanta sa tír.

Tugann na míllte duine sa bhliain idir shluaite cnocadóireachta, thurasóireachta agus oilithreachta cuairt ar Ghuagán Barra in iarthar an chontae.

Tá cead tugtha ag an Bhord Pleanála go dtógfaí 7 dtuirbín 178.5 méadar in airde trí chiliméadar ó Aireagal Naomh Fionnbarra, áit a raibh díseart an Naoimh sa 6ú hAois.

Cheadaigh an Bord Pleanála achomharc ar son na forbartha a rinne ‘Wingleaf Teoranta’ ainneoin gur mhol a gCigire Pleanála féin a mhalairt.

Dhiúltaigh Comhairle Contae Chorcaí don iarratas arú anuraidh.

Ina chinneadh, dúirt an Bord Pleanála go mba threise a mbuntáistí ná a míbhuntaistí.

Tá achainí i gcoinne na forbartha a thosaigh Comhlacht Forbartha Bhéal Átha an Ghaorthaidh sínithe ag 7,600+ duine.

Ina chinneadh, níor aontaigh an Bord Pleanála leis an smaointeoireacht go gcuirfeadh an fhorbairt isteach ar oidhreacht, éanlaith nó turasóireacht.

Dúirt siad go gcuirfeadh sí le straitéis an Stáit maidir le fuinnimh inathnuaite.

Is mian leis an Stát go dtiocfaidh 80% dár leictreachas ó fhoinsí inathnuaite faoin bhliain 2030.

Tá 10 mbliana ag ‘Wingleaf Teoranta’ leis an fheirm ghaoithe a thógáil ar shuíomh 622 heicteár.

Maíonn an comhlacht cheana go bhféadfaí suas le 70 post a chruthú le linn na tógála a mhairfeadh 18 mí.

Luadh freisin go gcuirfí ciste pobail, luach €1.8m ar fáil thar 30 bliain – saolré an togra.

I bplé a rinneadh ar an cheist sa Dáil, dúirt an tAire Stáit Peter Burke go bhfuil cosc air faoin dlí a ladhar a chur sa scéal.

‘Ní féidir teacht ar Ghuagán eile ach is féidir teacht ar áiteanna eile i gcomhair fheirmeacha gaoithe,’ a dúirt an Teachta, Aindrias Ó Muineacháin.

Tá athbhreithniú ar bun ag an Stát ar threoirlínte a bhaineann le feirmeacha gaoithe a fhorbairt.

Tá na treoirlínte seo ann ó 2006.

Tá Coiste Forbartha Bhéal Átha an Ghaorthaidh le cinneadh a dhéanamh faoi dheireadh na seachtaine seo an dtabharfaidh siad dúshlán ardchúirte i gcoinne na forbartha.

Míshástacht i Múscraí faoi fheirm ghaoithe atá le tógáil in aice le Guagán Barra. Tuilleadh faoin scéal anocht ar @7LATG4 ag 8i.n. le @Curraighin @mairinnighadhra @AindriasMoynih1 pic.twitter.com/tYETIB3Ax4

— 7 LÁ (@7LATG4) February 15, 2022

Achainí i gcoinne fheirm ghaoithe in aice le Guagán Barra sínithe ag na mílte duine. #Gaeltacht

Tuairisc @Curraighin do 7LÁ @AindriasMoynih1 @gouganebarra pic.twitter.com/LqHomzzyPj

— 7 LÁ (@7LATG4) February 15, 2022

'Gan treoirlínte ón rialtas maidir le forbairtí muillte gaoithe beidh fadhbanna mar atá thíos i nGuagán Barra arís', @ROMurchu ag caint le @mairinnighadhra pic.twitter.com/sdNU85JA5f

— 7 LÁ (@7LATG4) February 15, 2022


URL to article:  https://www.wind-watch.org/news/2022/02/15/mishastacht-faoi-fheirm-ghaoithe-in-aice-le-guagan-barra/