October 19, 2022
Ireland

Tintreach, toirneach agus tuilte tuartha anocht

Dé Céadaoin, 19 Dfómh 2022 | rte.ie

Tá tuirbín gaoithe trí thine amach ó chósta an Inbhir Mhóir i gCo Chill Mhantáin tar éis do lasair thintrí é a bhualadh go gairid roimh 1 a chlog tráthnóna.

[A wind turbine is on fire off the coast of Inbhir Mhóir [Invermore] in Co. Chill Mhantáin [Wicklow] after lightning struck it a little before 1:00 pm.]

Tuirbín gaoithe trí thine amach ó Chill Mhantáin

De réir gnáis, ligfear don dóiteán dul as uaidh féin agus ní fhéachfaidh na seirbhísí éigeandála lena mhúchadh. Deirtear go gcuideoidh an bháisteach throm lena chur as.

Tá an tuirbín gaoithe ar cheann de sheacht gcinn leis an gcomhlacht GE Energy atá suite aon chiliméadar déag amach ón Inbhear Mór.

Tá tuilleadh tintrí agus toirní geallta in oirthear na tíre trathnóna agus tá foláireamh flannbhuí aimsire eisithe ag Met Éireann do chúig chontae i gCúige Laighean, mar atá, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Mhantáin, Lú agus an Mhí. Beidh feidhm leis an bhfoláireamh go dtí 5 a chlog tráthnóna.

Dealraítear nár tháinig Dáil Éireann féin slán ón gclagarnach. Thug Teachta Dála Fhianna Fáil, Cathal Crowe, le fios go raibh an braon anuas i seomra na Dála fad is a bhí óráid á tabhairt aige ann.

Tá foláireamh flannbhuí eile eisithe do Chill Mhantáin, Loch Garman agus Phort Láirge a mbeidh feidhm leis go meán oíche.

Ag gleadhradh báistí atá agus a bheas sé sna contaetha sin, agus is cinnte go mbeidh fuarlaigh i gceantair áirithe.

Tá foláireamh buí báistí eisithe do thrí chontae dhéag eile.


URL to article:  https://www.wind-watch.org/news/2022/10/19/tintreach-toirneach-agus-tuilte-tuartha-anocht/