August 17, 2022
Ireland

Tá rabhadh buí i margadh an leictreachais fógartha, an dara lá as a chéile

Dé Céadaoin, 10 Lún 2022, rte.ie

[Yellow warning in electricity market announced for a second dayAn absence of wind, a restriction on importing of electricity and “forced outages” are the cause of the shortfall.]

Ganntan gaoithe, srian ar allmhairiú leictreachais agus “briseadh éigeantais” is cúis leis an easnamh.

Tá rabhadh buí i margadh an leictreachais fógartha, an dara lá as a chéile.

Thug an Margadh Leictreachais Aonair le fios ar an suíomh idirlín atá acu ar maidin gur “easnamh sa nginiúint aibhléise in Éirinn” is cúis leis an rabhadh buí.

Tráth ar foilsíodh rabhadh an lae inné d’eisigh Eirgird ráiteas ag rá gurbh é an bhrí atá leis an bhfoláireamh go bhfuil an farasbarr idir an soláthar agus an t-éileamh faoi bun an optamaim. Ní léiriú é a deir siad go bhfuil tomhaltóirí fágtha gan cumhacht.

Ganntan gaoithe, srian ar allmhairiú leictreachais agus “briseadh éigeantais ag roinnt gineadóirí” na cúiseanna a tugadh ar an bhfainic a heisíodh inné.

Comfhiontar é an Margadh Leictreachais Aonair (SEMO) idir Eirgrid agus Margadh Leictreachais Thuaisceart Éireann.


URL to article:  https://www.wind-watch.org/news/2022/08/17/ta-rabhadh-bui-i-margadh-an-leictreachais-fogartha-an-dara-la-as-a-cheile/