May 26, 2021
Ireland

Míshásamh faoi chomharthaí i nDaraidh Braoin

26 BEALTAINE 2021, Le Tomás Ó Mainnín, tg4.ie

[People in Derrybrien say they can’t cut peat after the Electric Supply Board put up signs saying it’s the turf-cutting that destabilizes the mountain, where in 2003 the erection of wind turbines caused a major peat slide.]

Deir daoine i gcomharsanacht Dharaidh Braoin i ndeisceart na Gaillimhe ná fuilid ábalta móin a bhaint i mbliana ar an sliabh ansan de bharr comharthaí atá curtha in airde ag Bord Soláthair an Leictreachais.

Deirtear ar na comharthaí go bhfuil an sliabh éagobhsaí mar gheall ar bhaint móna.

Is ann a tharla sciorradh mór sléibhe nuair a bhí ionad muilte gaoithe á thógaint ann in 2003.

Tá 71 muileann gaoithe ar an suíomh gur le fochomhlacht de chuid Bhord Soláthair an Leictreachais iad.

Nuair a bhíothas á dtógaint do sciorr na mílte tonnaí móna anuas an sliabh.

Tugadh cás dlí in agaidh na bhforbróirí agus ghearr Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh fíneáil €5 mhilliún ar an dtír seo de bharr ná raibh staidéar tionchair timpeallachta déanta ar an suíomh.

Deir muintir na háite, áfach, go bhfuil daoine ag baint móna leis na glúinte ar an bportach agus ná raibh aon éagobhsaíocht ag baint leis an áit nó go dtáinig Bord Soláthair an Leictreachais.

Deir Martin Collins, fear go bhfuil ceart bainte móna aige ar an sliabh, nach iad lucht bainte móna is cúis leis an éagobhsaíocht ar an bportach in aon chor.

Níl aon duine ag baint móna i mbliana, áfach, a deir sé, mar gheall ar an léamh dlí atáthar a bhaint as na comharthaí.

Dar leis go bhfuil suas le 30 teaghlach ceal móna anois agus go gcaithfidh siad díol as malairt portaigh nó foinse eile teasa. Deir sé leis go bhfuil daoine ag lorg comhairle dlí anois.

Tá sé tugtha le fios ag Bord Soláthair an Leictreachais go bhfuil iarratas curtha faoi bhráid an Bhoird Phleanála acu maidir leis an ionad.

Deirid go ndeineadh staidéar neamhspléach ar bhuanseasamhacht an phortaigh agus gur léirigh sé go bhfuil baol ann fós mar gheall ar bhaint móna le hinnealra trom.

Deir an comhlacht go gcuireadh in airde na comharthaí chun é sin a chur in iúl don bpobal agus ná raibh aon treoir tugtha acu do lucht bainte móna éirí as.

Tá ceann dos na comharthaí ar a laghad loite le péint.

FÍSEÁN Míshástacht faoi chomharthaí ar phortach i nDaraidh Braoin i ndeisceart na Gaillimhe pic.twitter.com/3auCZV3hTo

— NuachtTG4 (@NuachtTG4) May 26, 2021


URL to article:  https://www.wind-watch.org/news/2021/05/26/mishasamh-faoi-chomharthai-i-ndaraidh-braoin/