[Mudslide in north Donegal – A great number of fish in the Mornebeg River could be in danger.]
D’fhéadfadh cuid mhór iasc a bheith i mbaol in Abhainn na Moirne Bige i gCo Dhún na nGall de bharr sciorradh láibe a tharla ansin.
I gceantar na Míne Boige i ndeisceart an chontae a tharla an sciorradh seo tar éis do chlaíocha móna tabhairt uathu in aice le sruthán a ritheann isteach san abhainn.
Tuairiscítear go bhfuil feirm éisc sa chomharsanacht i mbaol de bharr na heachtra.
Tá an ollchomhlacht Amazon ag tógáil ionad ginte gaoithe sa cheantar.
URL to article: https://www.wind-watch.org/news/2020/11/16/sciorradh-laibe-i-dtuaisceart-dhun-na-ngall/