Diúltaithe d’iarratas le dhá thuirbín a chur le feirm ghaoithe i nGaeltacht Dhún na nGall
Credit: Anton Mac Cába, Dé Céadaoin, Iúil 15 2020, tuairisc.ie ~~
Translate: FROM English | TO English
Translate: FROM English | TO English
[Application refused to add two turbines to wind farm in Donegal Gaeltacht]
Dhiúltaigh Comhairle Contae Dhún na nGall d’iarratas le dhá thuirbín sa bhreis a chur le feirm ghaoithe in aice le Cill Charthaigh i nGaeltacht Dhún na nGall. Tá trí thuirbín sa bhfeirm ghaoithe cheana. Bhí na tuirbíní nua seo le bheith 77 méadar ar airde. Tá an suíomh ag amharc amach ar Bhá Dhún na nGall agus bheadh na tuirbíní le feiceáil ó thuaisceart chontae Shligigh. Tá, leis, bratphortach ar chuid den suíomh.
Shannagh Wind Farm a chuir isteach ar an chead pleanála. D’iarr siad chomh maith cead ar son oibreacha breise, ina measc fostáisiún agus bóthar snámha thar an bhratphortach.
Dhiúltaigh an Chomhairle don bhforbairt ar dhá bhonn. Ar an chéad dul síos, mhaígh siad gur baineadh amach den Phlean Forbartha Contae an mhír ann a bhain le fuinneamh gaoithe, de bharr éisteachta san Ard-Chúirt. D’fhág sin easnamh sa Phlean, a dúradh, agus ní raibh ar chumas na Comhairle measúnú mar is ceart a dhéanamh ar fheirmeacha gaoithe dá bharr.
Ba é an dara bonn leis an diúltú ná go dtabharfadh an fhorbairt bratphortach ardtalún chun siúil. Maíodh gur sárú a bheadh ansin ar an Phlean Forbartha Contae. Scríobh an pleanálaí a bhí ag plé leis an bhforbairt sa moladh s’aige: “… there are concerns over the removal of pristine upland blanket bog and permanent damage to a priority habitat and the potential of these works to cause peat slide in the locality.”
Tá stair fhada go maith ag baint le cúrsaí pleanála ar an suíomh. Thiar in 2003, dhiúltaigh an Chomhairle cead pleanála a thabhairt le haghaidh cúig thuirbín ar an suíomh. An bhliain dár gcionn, dhiúltaigh siad do thrí cinn. Dar leis an Chomhairle, bheadh na tuirbíní sin ina ‘strident obtrusive feature’ sa tírdhreach, agus go gcuirfeadh siad isteach ar an dúlra.
Chuir an forbróir achomharc isteach chuig an Bhord Pleanála agus tugadh cead do na tuirbíní. Chuir an Bord béim ar pholasaithe náisiúnta mar a bhain siad le fuinneamh inathnuaite, agus chomh fóirsteanach agus a bhí an suíomh ó thaobh fuinnimh ghaoithe.
Is i gCill Chainnigh atá seoladh an chomhlachta Shannagh Wind Farm. Tá ceathrar stiúrthóirí ann: Conal Shovlin, go bhfuil seoladh in Ard an Rátha aige, agus a chuireann síos air féin mar ‘státseirbhíseach’: Richard Walshe, a bhfuil seoladh aige i Séipéal Iosóid i mBaile Átha Cliath; agus Pat Brett agus Philomena Kenealy, a bhfuil seoltaí acu beirt i gCill Chainnigh. Tá an ceathrar ina stiúrthóirí ar chomhlachtaí eile a bhaineann leis an bhfuinneamh gaoithe.
Is féidir leis an chomhlacht fuinnimh s’acu achomharc a iarraidh ag an Bhord Pleanála.
This article is the work of the source indicated. Any opinions expressed in it are not necessarily those of National Wind Watch.
The copyright of this article resides with the author or publisher indicated. As part of its noncommercial educational effort to present the environmental, social, scientific, and economic issues of large-scale wind power development to a global audience seeking such information, National Wind Watch endeavors to observe “fair use” as provided for in section 107 of U.S. Copyright Law and similar “fair dealing” provisions of the copyright laws of other nations. Send requests to excerpt, general inquiries, and comments via e-mail.
Wind Watch relies entirely on User Contributions |
(via Stripe) |
(via Paypal) |
Share: