Dé Céadaoin, 5 Feabh 2020 | rte.ie
[€5m fine paid by state for Derrybrien landslide. (translate article to English)]
Tá fíneáil €5 mhilliún íoctha ag an Stát leis an gCoimisiún Eorpach faoi bheartais chosanta a shárú i dtaca le hionad cumhachta gaoithe a thógáil i nDaraidh Braoin i ndeisceart na Gaillimhe.
Chomh maith leis an tsuim sin, tá fíneáil bhreise €15,000 sa ló á gearradh ar an Stát fad is atá an scéal á réiteach. Go dtí seo, €1.29 milliún atá íoctha mar gheall ar an bhfíneáil bhreise sin.
Baineann an cás le 70 tuirbín gaoithe a cuireadh suas ar Shliabh Eachtaí sa bhliain 2003.
Agus an t-ionad á thógáil tharla sciorradh mór talún ar an sliabh agus chuaigh na mílte méadar ciúbach de mhóin le fána. B’éigean bóithre a dhúnadh agus cuireadh as go mór do shaol mhuintir na háite ar feadh i bhfad.
Fochomhlacht de chuid Bhord Soláthair an Leictreachais a thóg an t-ionad agus tuigtear go bhfuil siad ag obair ann i gcónaí féachaint leis an suíomh a dhaingniú agus a thabhairt chun críche.
URL to article: https://www.wind-watch.org/news/2020/02/05/fineail-e5m-ioctha-ag-an-stat-faoi-mhaidhm-thalun-dharaidh-braoin/