July 25, 2017
Ireland

Grúpaí i gCo. Dhún na nGall imníoch faoi thuirbíní gaoithe

Dé Máirt, 25 Iúil 2017 / rte.ie

[Groups in County Donegal concerned about wind turbines]

Tá grúpaí i gCo. Dhún na nGall, a bhfuil imní orthu faoi chomh gar is atá tuirbíní gaoithe dá dtithe, ag iarraidh go gcinnteofar sa chéad phlean forbartha eile don chondae, an riail go mbeidh tuirbiní 10 n-oiread a n-airde féin ó thithe.

Le roinnt seachtainí anuas tá cainteanna poiblí tugtha ag ollamh ón Phortaingéil go dtéann infreafhuaim nó fuaim a bhfuil minicíocht íseal aici dochar don tsláinte.

Is féidir le tuirbíní gaoithe fuaim mar seo a chruthú.

Braitheann baol sláinte ar fhad an tuirbín ó theach agus an cinéal tíreolaíochta atá sa cheantar

Tá staidéar eolaíochtúil déanta ar an tionchar atá ag infreafhuaim nó fuaim le minicíocht íseal ar an tsláinte.

Bíonn an cinéal seo fuaime ag tuirbíní gaoithe ach le minicíochtaí éagsúla.

Le roinnt seachtainí anuas tá eolas tugtha ag an ollamh Marianna Alves – Pereira as Ollscoil Lusofona i Lisbon, príomhchathair na Portaingéile go dtig leis an chinéal seo fuaime dochar a dhéanamh don tsláinte.

Thug ‘Grúpa Gnímh Muilte Gaoithe Ghleann na Finne’ i gCo Dhún na nGall cuireadh di labhairt le cruinniú poiblí i mBealach Féich le gairid agus chuir an méid a dúirt sí imní ar a raibh i láthair.

D’inis sí faoi chás ina tír féin a raibh ar chomhlacht tuirbin amháin stopadh go hiomlán agus ceann eile a stopadh san oíche de bhrí go raibh an fhuaim ag déanamh dochair do theaghlach agus do ainmhithe feirme.

I ndiaidh chúpla ceist a cuireadh ar an Ollamh ón urlár d’éirigh rudaí teasaí nuair a labhair beirt ionadaithe ón chomhlacht gaoithe Planree.

Diúltaíodh cead pleanála don chomhlacht le deireanaí le feirm mhór ghaoithe a thógáil anseo.

Dúirt Neil O Brien go rabh an comhlacht sásta castáil go foscailte leis an phobal sula gcuirfidh siad na chéad phleannana eile isteach.

Tá riail i bplean forbartha Dhún na nGall faoi láthair go gcaithfidh tuirbíni gaoithe a bheith fad 10 n-oiread a n-airde féin ó thithe.

Tá deis ag an phobal an riail seo a choinneáil sa chéad phlean eile

Tá go dtí an 1ú Meán Fómhair ag an phobal le haighneacht a dhéanamh faoi pholasaí gaoithe na comhairle.

[Éist ar Seosamh Ó Braonáin, ó Ghrúpa Gníomhach Muilte Gaoith na nGleannta. Beidh cruinniú eolais ag Grúpa Gníomhaíochta Gaoithe Ghleann na Finne ar fheirmeacha gaoithe i mBealach Féich anocht (20.07.17).]


URL to article:  https://www.wind-watch.org/news/2017/07/25/grupai-i-gco-dhun-na-ngall-imnioch-faoi-thuirbini-gaoithe/