Dé Máirt, 16 Beal 2017, rte.ie
[Kerry should not be relied on to make renewable energy available to the entire country, says county councilor Micheál Ó Gliasáin. The county’s beauty must be protected from further wind farms.]
Ní mhaithigh na glúinte atá le teacht dúinn é má loitimid ár gContae le feirmeacha gaoithe agus gréine, dar leis an gComhairleoir Contae Micheál Ó Gliasáin, ón gComhghuallaíocht Neamhspleách.
Deir an Gliasánach go bhfuil a cionn féin d’fheirmeacha gaoithe i gCiarraí cheana féin, agus go raibh tuilleadh forbairtí dá leithéid ag gabháilt tríd an bpróiseás pleanála fé láthair.
Níor cheart a bheith ag brath ar Chiarraí fuinneamh in-athnuaite a chur ar fáil don tír ar fad, dar leis, agus caithfear áilleacht an chontae a chosaint óna thuilleadh feirmeacha gaoithe.